Skip to content
  • Catalóg
  • Foclóir Ailtirí na hÉireann
  • Catalóg
  • Foclóir Ailtirí na hÉireann
Menu

Menu

Coinnítear agus caomhnaítear líníochtaí ailtireachta agus doiciméid ghaolmhara as an luach fianaiseach fadtéarmach a bhaineann leo. Dá réir sin, is gné thábhachtach den oidhreacht chultúrtha iad cartlanna ailtireachta. Déanann siad taifead ar an gcaoi a ndearnadh ár dtimpeallacht thógtha a dhearadh, a chruthú, a thógáil, a bhainistiú agus a úsáid. I gcásanna áirithe, tá an t-aon taifead amháin ar fhoirgnimh chaillte agus ar thionscadail neamhthógtha iontu.

Tá ábhar – ábhar príomha nó tánaisteach – i mbailiúcháin CAÉ ar gach ailtire mór le rá de chuid na hÉireann, ar fhoirgnimh Éireannacha de gach cineál, ar thréimhse nó stíl, agus ar an bhfoirgneamh is suntasaí sna 32 contae de chuid na hÉireann.

Bailiúcháin

Coinnítear agus caomhnaítear líníochtaí ailtireachta agus doiciméid ghaolmhara as an luach fianaiseach fadtéarmach a bhaineann leo. Dá réir sin, is gné thábhachtach den oidhreacht chultúrtha iad cartlanna ailtireachta. Déanann siad taifead ar an gcaoi a ndearnadh ár dtimpeallacht thógtha a dhearadh, a chruthú, a thógáil, a bhainistiú agus a úsáid. I gcásanna áirithe, tá an t-aon taifead amháin ar fhoirgnimh chaillte agus ar thionscadail neamhthógtha iontu.

Tá ábhar – ábhar príomha nó tánaisteach – i mbailiúcháin CAÉ ar gach ailtire mór le rá de chuid na hÉireann, ar fhoirgnimh Éireannacha de gach cineál, ar thréimhse nó stíl, agus ar an bhfoirgneamh is suntasaí sna 32 contae de chuid na hÉireann.

Grianghraif

Is é bun-doiciméad CAÉ ná Ireland’s Architectural Heritage: The Case for an Archive of Photographic Material foilsithe ag an Dr Edward McParland agus Nicholas Robinson i 1975. Bliain ina dhiaidh sin, in 1976, bunaíodh CAÉ mar stór grianghraf d’ailtireacht na hÉireann. Tá an ghrianghrafadóireacht fós lárnach i mbailiúcháin CAÉ. Coinníonn CAÉ clár grianghrafadóireachta taifid leanúnach, ag gabháil íomhánna d’fhoirgnimh ar fud na tíre, go háirithe iad siúd atá i ngarchontúirt athraithe nó scartála. Comhlánaítear an ghrianghrafadóireacht taifid seo le bailiúcháin fhairsinge d’íomhánna stairiúla agus bailiúcháin thábhachtacha de ghrianghraif a ghlac grianghrafadóirí ailtireachta aonair agus cuideachtaí grianghrafadóireachta tráchtála. Tá cóipeanna grianghrafadóireachta d’ábhar i mbailiúcháin phríobháideacha agus phoiblí in Éirinn agus thar lear ag CAÉ freisin.

Líníochtaí agus doiciméid ghaolmhara

Tá líníochtaí ailtireachta casta, le sraitheanna brí taobh amuigh de na línte ar an leathanach. Idir sceitsí luatha, an chéad chriostalú ar smaoineamh nó réiteach dearaidh, agus scéimeanna lánoibrithe, idir threoracha do thógálaithe ar an láthair agus thaifead ar thoradh deiridh an phróisis tógála, léiríonn líníochtaí go soiléir forbairt agus dul chun cinn foirgneamh, idir thógtha agus neamhthógtha. Féadfaidh siad maireachtáil níos faide ná na foirgnimh féin fiú, agus iad ina bhfinnéithe deireanacha leis an méid a bhí ann tráth dá raibh.

 

Ní hionann líníochtaí amháin agus taifead iomlán de thionscadal ailtireachta. Féachann CAÉ freisin le raon leathan ábhar tacaíochta agus comhthacaíochta a fháil lena n-áirítear comhfhreagras, pleanáil, comhaid chliaint agus chonraitheora, billí cainníochtaí agus sonraíochtaí, miontuairiscí cruinnithe láithreáin, grianghraif, samhlacha, agus doiciméadacht airgeadais.

Tagann go leor de na líníochtaí agus na doiciméid ghaolmhara in CAÉ ó ghnólachtaí ailtireachta, ach faigheann CAÉ páipéir ghnólachtaí an tionscail tógála freisin cuir i gcás gnólachtaí suirbhéireachta cainníochta, forbróirí agus tógálaithe. Tá cartlanna eagraíochtaí ionadaíocha ailtireachta, innealtóireachta agus suirbhéireachta, agus páipéir phearsanta agus taighde staraithe ailtireachta, léirmheastóirí agus scríbhneoirí aici freisin.

Leabharlann Thagartha

Tá réimse fairsing leabhar agus tréimhseachán i leabharlann thagartha CAÉ a bhaineann le hailtireacht, ailtirí, tógáil agus tógáil na hÉireann, stair áitiúil, ealaín, seandálaíocht agus tagairt ghinearálta. San áireamh freisin tá bailiúchán tábhachtach de thráchtais ailtireachta neamhchoitianta agus luathchlóite, go háirithe iad siúd i mBailiúchán Foilseachán Ailtireachta Alistair agus Ann Martha Rowan. Tá bailiúcháin shubstaintiúla de phaimfléid agus d’fhoilseacháin neamhbhuana ann freisin, agus comhaid fhairsinge phreasa gearrtha ar fhoirgnimh agus ar ailtirí na hÉireann.

Bain úsáid as Catalóg CAÉ chun na bailiúcháin a chuardach.

Cuirtear rochtain ar na bailiúcháin ar fáil i Seomra Léitheoireachta CAÉ. Cliceáil anseo chun níos mó eolais a fháil.

Polasaí Fáltas

Bunaítear le Ráiteas Polasaí Fáltas CAÉ téarmaí agus critéir aontachais CAÉ d’ábhar atá faoi úinéireacht phríobháideach agus a fhaightear trí cheannach, trí dheonú nó trí iasacht.

Déanann Coiste Forbartha Bailiúchán CAÉ athbhreithniú rialta ar an Ráiteas Polasaí Fáltas.

Tá an Ráiteas Polasaí Fáltas reatha ar fáil anseo.

Achainí Bailiúcháin

 Agus iarracht á déanamh aici taifid ar oidhreacht ailtireachta na hÉireann a bhailiú, teastaíonn do chabhair ó CAÉ.

Ba mhaith le CAÉ cloisteáil ó ailtirí, ó innealtóirí, ó ghnólachtaí, ó institiúidí agus ó bhaill den phobal a bhfuil aon ábhar ailtireachta nó gaolmhar faoina gcúram nó a bhfuil eolas acu air.

Áirítear an méid seo a leanas ar an gcineál ábhair atá á lorg:

  • líníochtaí ailtireachta, d’aon aois, méid nó ábhar
  • grianghraif, idir shean agus nua, a thaispeánann foirgnimh ar aon dáta
  • priontaí, cártaí poist agus pictiúir ina léirítear foirgnimh nó daoine aonair a bhfuil baint acu le hailtireacht, ailtirí, innealtóirí, tógálaithe, ceardaithe srl.
  • leabhair, tréimhseacháin, treoracha, catalóga trádála, bróisiúir cheantálaithe, nó paimfléid a bhaineann le foirgnimh na hÉireann
  • fardail, doiciméid dlí, agus lámhscríbhinní d’aon chineál a bhaineann le hailtireacht na hÉireann
  • múnlaí ailtireachta

Táthar ag súil go bhféadfadh úinéirí smaoineamh ar ábhar a aistriú chuig CAÉ trí iasacht nó trí bhronntanas.

Mura féidir aistriú den sórt sin a dhéanamh, féadfaidh CAÉ cead a lorg chun cóipeanna a dhéanamh den ábhar.

Má tá eolas agat ar ábhar den sórt sin téigh i dteagmháil le CAÉ.

Donate

Cuidíonn gach tabhartas, bíodh sé beag nó mór, le todhchaí an bhailiúcháin a chinntiú.

Tabhartais

Donate

Cuidíonn gach tabhartas, bíodh sé beag nó mór, le todhchaí an bhailiúcháin a chinntiú.

Tabhartais

Follow us

  • Facebook
  • X
  • Instagram
  • Linkedin

Address

45 Merrion Sq.
Dublin 2
D02 VY60

Contact

01 663 3040
info@irisharchitecturalarchive.ie

English | As Gaeilge

  • English
  • Gaeilge

Opening Hours

Reading Room

10am-5pm, Tuesdays to Fridays; Mondays by appointment

Exhibitions

10am-5pm, Mondays to Fridays

Newsletter

Stay in touch, receive updates about exhibitions and events

Subscribe

English | As Gaeilge

Menu
  • Catalóg
  • Foclóir Ailtirí na hÉireann
  • Fúinn
    • About the Irish Architectural Archive
    • Annual Reports
  • Ár mBailiúcháin
    • Bailiúcháin
    • Catalóg ar Líne
  • Ár Taispeántais
    • Taispeántais atá Thart
    • Taispeántais Reatha
  • Ár bhFoirgneamh
    • 45 Cearnóg Merrion
    • Ionaid ar Cíos
  • Rochtain
    • Tabhair Cuairt Orainn
    • Seomra Léitheoireachta
  • Tacaigh Linn
    • Donate
Search this site

Subscribe

* indicates required

The Irish Architectural Archive will use the information you provide on this form to send you its regular Newsletter. Please confirm that you would like to hear from us:

You can change your mind at any time by clicking the unsubscribe link in the footer of any email you receive from us, or by contacting us at info@iarc.ie. We will treat your information with respect. By clicking below, you agree that we may process your information in accordance with these terms.

We use Mailchimp as our marketing platform. By clicking below to subscribe, you acknowledge that your information will be transferred to Mailchimp for processing. Learn more about Mailchimp's privacy practices.

  • English
  • Gaeilge